School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh

Location:
Doonaha, Co. Clare
Teacher:
Ed J. Headtromóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 215

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 215

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
  2. XML Page 215
  3. XML “Timpistí Eile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 1886.
    Badadh trúir iasgairí ag an Tulach (Tullig) láimh leis "An Crois" Carraig a Chabhaltaig, Co. an Chláir. D' iompúigheadh an curach bun ós a cionn. Ba h-iad an trúir ná Donneadh Ó Loideáin, Sean Ó Gormáin agus Tomás Geaney.
    1880.
    Tugadh barraile isteach leis an dtaóide í Ros láimh le Ceann Leime. Polladh é le bior cé chun a fhaghail amach cad a bhí sa mbarraile. Cad a bhí ann acht ola agus do pléascadh an ola leis an íarann te. Cuireadh an tig 'na rabhdar trí theine agus loscadh bean a bh i ann.Tigh le Seamus Céitinn an Ros, do cuireadh trí theine.
    1887
    Bádhadh beirt iasgaire darb ainm dóibh Ó Síothcán í gCuan Cille Chaoidhe (Co. an Chláir). Cúadar amach go dtí The Duggerna Rocks (ag an Uaigearnach) chun béama adhmaid do thabhairt isteach. Sabáladh duine eile a bhí sa gcurac coiméad sé greim ar thaobh na naomhóige. Tháinig se í dtír arís í gCill Caoidhe. Cuir se a chulaith nua eadaig air agus cúaidh sé go dtí an Aifrinn (An Domnach a bhí ann). Bhí a n-athair ar an mbóthar ag féacaint ar bhádadh na beirte eile. Ni raibh aon snámh ag duine des na dritharacha agus chúaidh an drithar eile í bfóirithín air. Sin mar a bádhadh an bheirt.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish