School: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
- Location:
- Carrigaholt, Co. Clare
- Teacher: Bríd, Bean Uí Chatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chuir sé a chosa isteach i gceithre fircín ime, go maidin. Bidheadar ag caiteamh tobac is snaoisín nó go raibh sé i n-am dul a chodhladh. Sin deirbsiú damhsa athá pósta agat," ar sé. "Cá bhios dom é sin" ars an ridire, "inneosaidh mise e sin duit," ar sé, "tháínig oidhche stuirme agus gaoithe agus fuadhuigheadh chum siubhal uainn í is ní raibh aon scéala againn uaithe o shoin." D'fág sé slan aige. Thainig sé go dthí Sidhe Gaoithe." Nach fadha atha tú amuigh ar sé." Ní doigh liom féin san. " arsa Mac a Mhuilleora." Thromh é," ar sé. "Mar cuir tú mar gheasa orm é. Tabhairt chugat arsa Mac a Mhuilleora, níor chuir tú mar gheasa orm é tabhairt duit, ach fan go innisidh mé dhuit ar fios fatha an aghadh an scéala." Bhí sé a gabhail anonn's anall siar 's anair, gur thuit sé 'nuas. Bhuail sé leis a gclaidheamh Soluis é dhein sé piolóirí cloiche dhe." "Fan annsan, go deiread an tsaoghail," ar sé. Thainig sé abhaile, go dtí a bhean agus go dtí n-a mháhair agus tá sé a maireachtáil i saidhbhreas annsan ó shoin is mara bhfuil go rabhmaoidne.
- Collector
- Brighidh Ní Aongusa
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Loingsigh
- Gender
- Male
- Address
- Carrigaholt, Co. Clare