School: Gort Both Fearna, Maurice's Mills, Ennis

Location:
Gortbofarna, Co. Clare
Teacher:
Tadhg Mac Garbhaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0611, Page 033

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0611, Page 033

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort Both Fearna, Maurice's Mills, Ennis
  2. XML Page 033
  3. XML “Scéal Iomána”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    dá ríríbh gach fear ar a dhícheall ag buaileadh agus ag sábháil, agus dar na Hocksties cé bhuaidhfeadh an chéad sgór ach an Spailpín féín.
    Fuair sé an dara sgór an triomhadh sgór agus gach sgór a frith go dtí go raibh an dá fhuireann na choinne-sin ceithre sgóir déág ar fad. Anois bhí naoinuibhar ar fichid i gcoinne an Spailpín agus cad a thuit amach anois ach fuair sé an cúigmhadh scór déag. Do rinne se an-obair ar fad. Do mhol an captaen agus na fir eile é go mór. Chrothadar lámh leis agus isteach leo sna sceachaibh as a dtáinig siad.
    Bhí siad buaidhte anois agus níor bhain siad leis an ngort cruitneachtain feasta. Bhí an t-an aithbhéis ar an maighistir de bhárr a rinne an Spailpín ní nach iongantach agus is mó lá a chaitheadar ibhfochair a chéile agus is mo oidhche gheimhridh a chuireadar síos ar an oidhche iongantach úd abhí ag an Spailpín.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Léathaig
    Gender
    Male
    Informant
    Máirtín de Faoite
    Gender
    Male