School: Cúl Mín, Inis

Location:
Coolmeen, Co. Clare
Teacher:
Dd. Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0603, Page 274

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0603, Page 274

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cúl Mín, Inis
  2. XML Page 274
  3. XML “Scoileanna Cois Claí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí scoil in Gort na h-Átha.
    Istigh i gcairéal láimh le Tig Uí Cheallaigh a bhí an scoil seo ar dtúis acht tar éis tamaill thógadar bothán de shaghas éigin. Bhíodh suas le 40 scoláire innte agus carraigreacha móra a bhíodh acu mar chathaoireacha.
    "Láimhín" Ó Conghaile an chéád mháighistir a bhí innte, ó Chiarraighe ba eadh é siúd. Tugtaí "Láimhín" air toisc é bheith ar leath-láimh. Bhí sé roinnt éigin bhliadhan ag múineadh nuair a phós sé cailín ó Chill a' Disirt. D'éirigh "Láimhín" as an múinteóireacht annsan agus chuir sé fé i siopa i gCill a' Disirt. Tá sé curtha san roilig annsan le breis is caogadh bliadhan.
    Togha múinteóra ba eadh "Láimhín". Bhíodh sé ana-chrosta sa scoil. Mhúin sé léightheóireacht sgríobhóireacht Beurla Áireamh agus tá sé ráidhte gurbh é an t-aon mhúinteóir amháin a mhúin Gramadach dá scoláiribh.

    Nuair d'imthigh Láimhín mhúin (-) Mach Oircinnigh annsan ar feadh tamaill acht is beag eolas a tá le fagháil 'na thaobh siúd.

    B'é Seán Ó'Domhnaill an chéad mhúinteóir eile a bhí san Scoil sin. Duine ó Ghort na h-Átha ba eadh é siúd go raibh cos cham fé.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish