School: Cúl Mín, Inis

Location:
Coolmeen, Co. Clare
Teacher:
Dd. Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0603, Page 272

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0603, Page 272

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cúl Mín, Inis
  2. XML Page 272
  3. XML “Púcaí”
  4. XML “An Bhean Sí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Chídí fadó taidhbhsí ar bhóthar na gCnoc nDubh .i. an bóthar ó Chill Ruis go Cill A' Disirt.
    Bhíodh fear an Phuist ar an mbóthar san tamall ó shoin. Capall a bhíodh aige is ba mhinic a bhuail sé le taidhbhse mná. Oidhche amháin thug sí fé agus nuair a chuala daoine na comharsanachta é ag béiceadh, thángadar cuige le spliontair ar lasadh. Deamhan duine a chonnacador cé gur chualador na buillí go léir. Nuair a thángador ós a chionn bhí sé marbh is a chapall in aice leis.
    Go minic ina diaidh sin chídí capaill gan cinn ag dul de léim thar cladhthacha an bhóthair ann. Sé an t-ainm atá ar an áit sin fós ná "The Leaping Gap".
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Tá cnoc i gCúil Mín ar a dtugtar "Creagán na gcat".
    Seo mar do h-ainmnigheadh é.
    Bhí bean sídhe riamh ag muintir Ui Loingsigh sa chuid seo dein Chlár agus nuair a bhíodh duine acu marbh dheineadh sí a greas caointe i gcomnuidhe ar an gcnoc so. Dheineadh sí an caoineadh díreach mar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. banshees (~369)
    Language
    Irish