School: Ceathair Dhúin Iascaigh (B.)
- Location:
- Caher, Co. Tipperary
- Teacher: Liam P. Ó Conchubhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathair Dhúin Iascaigh (B.)
- XML Page 203
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (Tomás De Búrca d'innis an sgéal seo dom. Sgéal fíór iseadh é agus thuit sé go léir amach sa gcomharsanacht seo. Comhnuidheann muinntear an Phaoraigh sa pharóisde seo go dtí an lá indiú." - M. Ó Dubhshláínghe)
Ins an mblian 1811 ba geur do bhí dlighe a t'Sasanaigh agus ba thruagh an dream bocht a bhí ag marachtain futha an t-am sin in Éirinn. Bhí ministéirí ins a roth uachtarach agus fearaibh agus píléiridhe ag imtheacht ag bailiughadh deachmhanna dóibh. Thángadar 'di paróisde Bhaile Phíocháin. Níorbh é a gcead uair ag teacht é ach níor éirigh leo go maith an lá so pé'n domhan de. D'eirigh muinntir na h-áite ina gcoinne agus d'fhiadheachadar tré ghortaibh agus tré gharrathaibh. Lámhadar a chéile ach ritheadar isteach dtí tigh feirmeóra le n-a-anam ( tigh bhí láímh le port abhainn tearraigh ag Droichead na nGabhar) Bhí fear o'n áit agus léim sé in a ndiaidh isteach tríd an bhfuinneóig agus gabh sé do philéir ar an oifigeach a bhí ortha. Bhí an oiread san sgannradh orra is gur bhain sé deich gcinn de ghunnaibh bhí acu agus cuir sé amach tríd a bhfuinneóig iad. Níor d'aithin aoinne aca é ach d'réir amhrais dhearbhaígheadar ar bhuachaill luath láidir ar b'ainm dó Tomás Paor bhí ina chomhnuidhe mile go leith o'n áit.Ar an am bhí na h-urchair dá lámhach bhí sagart a' pharóisde ag cainnt leis an bParoach istigh na mhacha.Tógadh barántas (cuige) 'na choinne agus tháinig an Gárda fé na dhéin. Tháinig a dearbhshiúir a bhí caillte blianta(continues on next page)- Collector
- M. Ó Dubhshláinghe
- Gender
- Male
- Informant
- Tomás De Búrca
- Gender
- Male