School: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi

Location:
Kilkee, Co. Clare
Teacher:
Máire Gromail

Filter stories

Back
/ 153 Forward
Resolution: Low | High
Doineann

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0628, Page 122

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Ta sé timcheall triocadh bliain ó bhi an stoirm mór ann.
Ni feidir a innsint an eagla a bhi ar na daoine an oidhche sin.Timcheall a do-deag a clog d'eirig sé ana laidir agus do b'eigin do's na daoine eirighe agus dabhach do lionadh le h-uisge agus é do chur i gcoinnibh an dorus i dtreo is na chuirfeadh an gaoth isteach é.

Lá ar na mhaireach nuair d'eirig na daoine bhi slinnte go fluirseach ar na bothracha.
An oidhche sin leis bhi clog an clochair ag bualadh i dtreo is go dtiocfhadh fir an baile sios chun cabhru leo.
Oidhche na "Gaoithe Moire" bhi ar na daoine a dtighthe fein d'fagaint. Tosnuig sé ar leath uair tar-eis a cuig maidin Nodhlag. Chuaidh na daoine fé baid chun iad féin do shabháil. Chuaidh an díon de na tighthe leis an ngaoith. Bádadh bád Eaoinn Eamoinn. Bhi a lan díoghbhála deunta an oidhche

(continues on next page)
Collector
Eibhlín Ní Ghiolla Seanáin
Gender
female
Address
Ballyonan or Doonaghboy, Co. Clare
Informant
Seoirse Mac Giolla Seanáin
Relation
parent
Gender
male
Language
Irish