School: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi

Location:
Kilkee, Co. Clare
Teacher:
Máire Gromail
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0628, Page 116

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0628, Page 116

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
  2. XML Page 116
  3. XML “Bóithre an Cheantair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Siad bóithre Cill Fiacraig bóthar Sráid na Cathrach bóthar Lios Lanacháin. Tá a lán sean bóthar ann bothar Tarmain agus bothar Lios Lanachain. Taid a n-usaid go dtí an lá induí. Ní fhuair na fir a bhí ag obair ar na bóithre ach ceithre pingne i n agaid an lae.
    Is é an t slíghe in a deintí na bóithre na sgaoilidís asal saor an t-slige na raghadh an t-asal deinidis an bóthar san t-slíghe sin. Tá a lán sean casán san áit seo. Ní baintear aon úsáid asta anois agus tá siad glas féarmhar agus bíonn na páistí ag sugradh ortha. Tá lios comhgarach do'n áit comhnuidhthe. Saghas cnoic cruinn atá ann agus é go glas féarmhar. Áit comhnuidhthe na sidhe seadh e agus deireann na sean daoine go bhfuil ceol binn le cloisint ann gach oidhche. Aon duine a théigheann in-aice na h-áite sin tar éis luighe na gréine glactar isteach ins na sidhe é agus ní fheictear arís é.

    M'athair - Seán O'Shéaghdha a thug a t-eolas thuas dom.
    Brighid Ní Shéaghda,
    Cnoc an t-Samhraidh
    Bóthar Sráid na Cathrach
    Cill Chaoi
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. public infrastructure
          1. roads (~2,778)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Shéaghdha
    Gender
    Female
    Address
    Kilkee, Co. Clare
    Informant
    Seán Ó Shéaghdha
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Kilkee, Co. Clare