Deinim bláithfhleaseanna agus slabhraidhe do noinini 'san Earrach agus i dtosach an tSamhraidh. Cuirim poll ag deire cinn amháin le'm iongain agus cuirim ceann eile tríd san. Bim a deunamh san, a gceangailt le ceile go mbionn slabhra fada deunta agam.
Deinim birdeóg éanlaith de brobhanna luachra, le'n iad d'fhighe ar a chéile. Imrighimid cluiche ar a dtugtar "Saighdiúirí". Pioctar a lan bogbhuinne (bull-rushes) agus roinntear go cothrom iad idir beirt. Sineann cailin cailín ceann amhain amach 'n-a laimh agus buaileann an dara cailín é le ceann da chuid féin. Leanann siad mar sin ag baint na gceann de's na "Saighdiúirí" go mbionn cuid duine amháin ar lár. Bionn an buadh ag an gcailín eile.
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »