School: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi

Location:
Kilkee, Co. Clare
Teacher:
Máire Gromail

Filter stories

Back
/ 153 Forward
Resolution: Low | High
An Tiarna Talún

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0628, Page 099

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Ni fios do's na daoine ach tighearna talmhan amhain 'beith 'sa cheanntar seo.
a tugtaí air. Bhi a mhuinntir annso fadó. An tighearna talmhan atá ann anois ni'l sé ceithre bhliain deug.
Cuireadh fear amach ar thaobh an bóthair la amhain toisc na dioladh sé an cios. Bhi a bhean-ceile agus a inghean 'sa tig. Di'iarr an bhean cead ar an dtighearna talmhan fanacht 'sa tig ar feadh leath-uaire eile. T'reis tamaill thanghadar amach agus bhi beacha i mala ag an gcailín. Nuair a bhi si i n-aice leis an dtighearna talmhan agus a chuid fear d'oscail sé an mala agus ritheadar amach o'n dtig. Do chomhnuig an fear agus a bhean 's a inghean ann as san amach. D'reir seanchais ni raibh smacht.
Lá amháin bhi fear ag iascaireacht i gCairn nuair thainig an tighearna talmhan chuige. D'iarr sé ar an bhfear cuid de'n iasc a thabhairt dó. Do dhiultuig an fear é agus d'eirig aragóint eatortha. Leagadh an tighearna talmhan. Ni raibh an fear chomh cliste is a bhi as san amach.

(continues on next page)
Collector
Máiréad Ní Dochartaigh
Gender
female
Address
Kilkee, Co. Clare
Informant
Seán Ó Dochartaigh
Gender
male
Age
40
Occupation
táilliúir
Address
Kilkee, Co. Clare
Language
Irish