Tá ceithre ceardchain 'sa paróiste. Baineann siad leis na daoine seo leanas:_ Padraig Mac Craith, Sraid Grattan. Tomas O h-Ailpin, An Bothar Cruinn. Bearnard O Coistealbha, Bothar na h-Eaglaise. William O Cathain, An Corrach Dubh. Nior gaibhne a muinntir rompa. Ceann slinne atá ar gach ceardchain ach ceann amháin ar a bhfuil ceann sionca. Dorus mór no geata adhmaid atá ar na ceardchannaibh, marach san ní raghadh na capaill isteach. 'San mbaile seo ni'l ach teallach amháin insan gcearchain. Na builg ata ionnta, nior deineadh iad 'san áit - dhá phíosa adhmaid agus leathar eatortha.
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »