Níl aon áit fé leith 'san mbaile seo do's na h-aontaighe; is ar na sraideanna a bhionn an t-aonach ar suibhal. Ni'l aon phairc de'n ainm "Pairc an Aonaig" 'sa cheanntar. In-allod díoltaí na muca i Sráid Éireann. Tugtaí "leaver" ar an áit; Tá sé suidhte in-aice le tig Mhic Ui Orgain agus tá falla mór thimcheall air. Ní bhaintear úsáid as anois. Baineann sé le Mac Ui Orgain anois. Ni theigheadh na ceannuightheoiri ó thig go tig fé'n dtuaith ag ceannach stuic. An oidhche roimh re tagann na ceannuightheoirí go dti'n mbaile; go luath ar maidin, timcheall a cúig no a sé a'clog tagann na feirmeoirí leis na beithidhig. Tugtar "eirnist" le gach beithidheach a díoltar. Tugtar "airgead chun ratha" ar an airgead san. Airmhightear mar seo é:- ó chúig scillinge go deich scillinge ar bhuin; ó aon scilling go naoi scillinge ar mhuic; ó pinginn go scilling ar na banbhaí; ó scilling go punt ar chapall.
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »