School: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
- Location:
- Kilkee, Co. Clare
- Teacher: Máire Gromail
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)La 'le Martain:-
An la san teigheann na daoine go tobar Mhartain agus deineann siad na turasanna ann.
Mairt na h-Inide:-
An oidhche san deineann na daoine pancoga agus cuireann siad airgead no fainne isteach ionnta. Deirtear ma gheibheann duine an fainne go mbeidh se posta go luath agus an duine a gheibheann an t-airgead go mbeidh se saidhbhir.
Samhain:-
An oidhche sin bionn fleadh agus feasta ins gach tig. Bionn ubhla agus cnatha agus bairghin breac ag gach duine. Bionn ana sport againn nuair a bhimid ag ithe an bhairgin breac. Cuirtear fainne isteach ann agus an te a gheibheann e deirtear gurbh e is tuisge a phosfaidh. Bionn a lan cluichi ar siubhal againn chomh maidh. Gheibhimid tuban lan d'uisge agus cuirimd ubhall isteach ann agus bimid ag iarraidh an t-ubhall d'ithe. Cuirtear puicin ar duine agus teigheann na daoine eile mor thimcheall air agus ma bheireann se greim ar aoinne cuirtear an puicin air agus mar sin de.
La le Stiophan:-
An la san teigheann na buachailli oga agus mora ar a dtugtar "dreoilini" i mbuidheannta . Teigheann siad o thig go tig agus bionn ceol aca.(continues on next page)- Collector
- Proinséas Ní Raghallaigh
- Gender
- Female
- Address
- Kilkee, Co. Clare
- Informant
- Tadhg Mac an Aircinnigh
- Gender
- Male
- Address
- Kilkee, Co. Clare