Deirtear go bhfuil or i bhfolach i gCaisleán Dúin Lice, Lios an Liagháin agus ag Muirisín Fódra. Deirtear gur chuaidh a lán daoine go dtí Caisleán Dúin Lice ag toraideacht óir. Gach uair a theighidis de cloisidís fothram a cuireadh sgannradh ortha agus theigidís a'bhaile gan faic d'fhagail. Bhí briongloid ag fear darbh' ainm Mac Ui Bric (b'as Carraig a' Chabhaltaig do) agus samhluigheadh do da dteigeadh sé go dti an caisleán go bhfaigheadh sé ór ann. Chuaidh sé go dti an Caisleán agus i ndiaidh do bheith ag taighde ar feadh tamaill deirtear go bhfuair sé an t-ór fé lic mhóir. Deireann na sean daoine 'sa cheanntar go bhfuil or i bhfolach i Lios an Liaghain. Ni'l aon eolas againn mar gheall ar daoine a chuaidh ag taighde an óir ann. Deirtear go bhfuil ór i bhfolach ag
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »