School: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi

Location:
Kilkee, Co. Clare
Teacher:
Máire Gromail

Filter stories

Back
/ 153 Forward
Resolution: Low | High
Pósaithe

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0628, Page 065

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Sé an t-am de'n bhliadhan 'na mbionn Posaidhte go fluirseach na tar eis na Nodhlag go dti Mairt na h-Inide no Eanair Feabhra agus uaireannta cuid de mí na Márta. Deireann na sean-daoine mas maith le na daoine posta nár ceart doibh dul fe'n obair nios deideanaidhe na Máirt na h-Inide. Fanann a lán daoine go dti an oidhche deirneach san cun posta agus tugtar ortha "Run away Marriages". Fe'n dtuaith is gnathach le daoine cleamhnaisti do dheanamh idir cailin agus buachaill, b'fheidir 20 mile on a cheile gan iad fein d'feiscint roimhe sin agus uaireannta gan iad fein d'fheiscint go maidin an pósadh. Tá saghas margadh deanta idir mhuinntir an cailin agus mhuinntir an buachaill talamh ag duine aca agus airgead ag duine eile. Cúpla oidhche roimh lá an posta bionn cuirm ceoil i dtig an chailin agus bionn sport ann go dti maidin geal. Tagann na "Buachailli Tuighe" ann i rith na h-oidhche agus bionn failte is fiche rompa agus gheibheann siad san a dhá ndothain dos na rudaí a bíonn

(continues on next page)
Collector
Póilín Ní Ghormáin
Gender
female
Address
Kilkee, Co. Clare
Informant
Tadhg Mac an Aircinnigh
Gender
male
Address
Kilkee, Co. Clare
Language
Irish