School: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
- Location:
- Kilkee, Co. Clare
- Teacher: Máire Gromail

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0628, Page 055
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá mórán lios 'sa cheanntar so; Tugtar "Lios" ortha uilig beagnach ach cúpla ceann amháin ar a dtugtar "dun". Deirtear má sheasann duine ar lios amháin go bhfeiceann sé trí cinn (no naoi gcinn) uaidh. Tá cuma cruinn ar gach lios acu. Nil aon chrainn ach toir a' fás mór thimcheall na lios. Is eol dúinn go bhfuil seomraí no puill fé thalamh i ndá cheann de's na liosanna- Lios an Liaghain agus Cairn. Teigeann daoine isteach i Lios an Liaghain go minic, go mór mhór um Samhradh, nuair a bhionn an aimsear breagh. Dar leis na daoine b'iad na Lochlannaigh a dhein na liosanna, chun iad fein do chosaint ar naimhdibh. 'Se tuairim na ndaoine anois go bhfuil comhnuidhe ar na daoine sidhe agus na leipreachain ionnta."Dún"
Tá an lios san i mBeal Atha. Tá tortha bheaga a'fás ann. Fallaí mhaithe atá ann. Tá sceul ann go raibh comhnuidhe ar mhnaoí crosta ann uair. Tugtai " Cailleach Bheil Atha" uirthe. Bhi fear a' gabhail treasna lá 'sé ag marcuigheachtar(continues on next page)- Collector
- Síle De Brún
- Gender
- Female
- Address
- Kilkee, Co. Clare
- Informant
- Séamas Ó Gríobhtha
- Gender
- Male
- Informant
- Tadhg Ó Cearmada
- Gender
- Male