School: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi

Location:
Kilkee, Co. Clare
Teacher:
Máire Gromail

Filter stories

Back
/ 153 Forward
Resolution: Low | High
Ráthanna agus Liosanna

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0628, Page 055

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Tá mórán lios 'sa cheanntar so; Tugtar "Lios" ortha uilig beagnach ach cúpla ceann amháin ar a dtugtar "dun". Deirtear má sheasann duine ar lios amháin go bhfeiceann sé trí cinn (no naoi gcinn) uaidh. Tá cuma cruinn ar gach lios acu. Nil aon chrainn ach toir a' fás mór thimcheall na lios. Is eol dúinn go bhfuil seomraí no puill fé thalamh i ndá cheann de's na liosanna- Lios an Liaghain agus Cairn. Teigeann daoine isteach i Lios an Liaghain go minic, go mór mhór um Samhradh, nuair a bhionn an aimsear breagh. Dar leis na daoine b'iad na Lochlannaigh a dhein na liosanna, chun iad fein do chosaint ar naimhdibh. 'Se tuairim na ndaoine anois go bhfuil comhnuidhe ar na daoine sidhe agus na leipreachain ionnta.

"Dún"
Tá an lios san i mBeal Atha. Tá tortha bheaga a'fás ann. Fallaí mhaithe atá ann. Tá sceul ann go raibh comhnuidhe ar mhnaoí crosta ann uair. Tugtai " Cailleach Bheil Atha" uirthe. Bhi fear a' gabhail treasna lá 'sé ag marcuigheachtar

(continues on next page)
Collector
Síle De Brún
Gender
female
Address
Kilkee, Co. Clare
Informant
Séamas Ó Gríobhtha
Gender
male
Informant
Tadhg Ó Cearmada
Gender
male
Language
Irish