Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi

Suíomh:
Kilkee, Co. Clare
Múinteoir:
Máire Gromail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0628, Leathanach 051

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0628, Leathanach 051

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
  2. XML Leathanach 051
  3. XML “Féilte na Bliana”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Inid-An t-am atá againne idir lá le Stiophán agus Ceadaoin an Luaithridh. Bionn na daoine fe'n dtuaith ag deanamh cleamhnais. Má bhionn feirm no siopa ag duine aca bionn airgead ag an duine eile agus tagann athair an chailin agus athair an bhuachalla le cheile chun socrú do dheanamh eatorra.
    Máirt na h-Inide- Is ar an oidhche sin a bhionn na pancóga againne.
    Ceadaoin an Luaithridhe-Teigheann gach duine go dtí an aifreann ar an maidghin seo mar sé an chead lá de 'n Charghaos. Cuireann an sagart luaithreadh beannuighthe ar eadan gach duine chun do cur i n-úil dúinn go bhfuil an bás i ndan do gach duine.
    Bionn na daoine ana naomhtha ar feadh an Charghaois. Bionnse ann ar feadh dacadh lá. Teigheann siad go dtí an aifreann gach maidin, ni itheann siad milseáin, ni chuireann siad súicre in-a gcuid tae, agus ní theigheann siad go dti na pictiuirí. Deineann siad "Turas na Croise" sa trathnóna.
    Bionn deire leis an Charghaos Domhnac Cásga mar 'se an lá a d'eirig ar Slanuightheoir o'n mharbh. Ar an lá sin itheann gach aoinne níos mo ubh na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Shéaghdha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Kilkee, Co. Clare