Cuirimid prataí ar an bhfeirm gach bliain. Ullmhuigheann m'athair an talamh 'n-a gcóir. Deintear é do treabhadh agus d'fuirseadh céad uair, agus annsan deintear na drilleanna leis an gceachta. Is istigh idir na drilleannaibh san a chuirtear an síol. Usaideann gach feirm feirmeoir 'sa pharóiste ceacht iarainn, agus is 'sa tsiopa a ceannuightear é. Cuirtear aoileach nó leasú idir na drilleannaibh roimh no i ndiaidh an síol do chur. Usaidtear aoileach iothlann agus leasú ceimiceach ar a dtugtar "slag". 'Sé an fath go gcuirtear an leasú ar an dtalamh ná ionnus go mbeadh barra maith prataí ann. Gearrtear na pratai sil 'n-a sgiollanaibh agus ni mór dhá shúil nó breis bheith ins gach sciollán. Seo mar a cuirtear na sgiolláin: I n-iomairibh deineann duine amháin poll leis an Ramhainn agus saidhtear sgiollán 'sa pholl. Dúntar an poll leis an Ramhainn (no leis an dtuairgin) agus buailtear go maith é. Nuair a bhíonn na sgiolláin a gcur in-iomairibh deintear an cré do daingniú ag na taobhanna. Is amhlaidh a ceangailtear cloch
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »