School: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
- Location:
- Kilkee, Co. Clare
- Teacher: Máire Gromail
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Dein sé tocailt 'san Slob go bhfuair sé é. Annsan cuir sé cros adhmaid 14' ar aoirde 'sa talamh ann, i dtreo go raibh 11' de o's cionn na talmhan. Tugann an cros aghaidh ó dheas. Annsan chuir sé sé cinn de cliathaibh mor timcheall an tobair fein mar comhartha do chach go raibh an tobar ann, mar tagann an fhairrge isteach air. Uaireannta bionn sé troighthe de'n t-saile o's cionn an tobar, ach mar sin fein ni cuireann sé sin blas guirt 'san uisce.
Ní tugtar turas ann anois.9. Tobar na mBan nOrda:-
Tá an tobar seo i mbaile fearainn Bán Mór, i bpairc soir o'n roilig. Ar fheirm Mhuinntir Ui Conaill atá sé. Dúnadh an tobar ach ritheann sruth uaidh sios go dti'n Slob. Suas le caogadh bliain ó shion deinti turas ann, ach ni deintear anois.Bhi an muinteoir a' cainnt le Bean Ui Chonaill o scriobhadh an cunntas thuas agus d'innis si di nar dúnadh an tobar ariamh. Chonnaic Inghean Ui Gromail an tobar. Ta sgeach gheal a' fás ó's cionn agus ar dhá thaobh de. Cuma croise atá air.