School: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
- Location:
- Kilkee, Co. Clare
- Teacher: Máire Gromail
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a tógadh é. Sin é an fath gur
tugadh Caislean Dúin Lice ar an gcaisleán. Fuartas na clocha san ar an gcósta Dala na gceann-tíre ar an gcósta daingean a beadh lathair an chaisleáin. Bhi trinnsc beag a' sgaradh an chinn-tíre o'n dtír istigh. Sampla maith de seo 'seach Dúnán Ruadh ata ar agaidh Tobair Naoimh Caoi amach.I ndeire na 15ad aoise bhí na caisleáin a tógtaí le moirteal no stroigin, ag eirige ana choitchiannta 'san iarthar. An duine gur leis Maidhmhin, bheartuig se ar caisleán do thogaint. Bhí an t-adhbhar ar fhail 'sna failltreachaibh. An túirín a tógadh an t-am san thuit sé timcheall 1879.
Ba le Toirdhealbhach Mac Mathghamna an caisleán 'sa bliain 1584. Uaidh sin chuaidh sé go Tadhg Caoch Mac Mathghamna. Toisc go raibh fiacha ag Eoghan Mac Suibhne ó Cill Chaoi ar an bhfear ud, ghlach sé curam an chaisleáin air féin. Choimeadh an Suibhneach seilbh air go dti'n bliain 1609 fiu amháin nuair a baineadh a gcuid talaimh de's na Mathghamhnaigh.(continues on next page)- Informant
- Tadhg Ó Cearmada
- Gender
- Male
- Age
- 77
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Foohagh, Co. Clare