School: Mercy Convent

Location:
Belturbet, Co. Cavan
Teacher:
The Sisters
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0972, Page 048

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0972, Page 048

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mercy Convent
  2. XML Page 048
  3. XML “Crosóg Bhríde”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ní deántar crosóga Bhrighde ins an gceanntar seo anois acht i dteach amháin de réir mo thuairm-se. Tá fhios agam-sa conus iad do dhéanamh mar déanaimíd sa sgoil seo iad.
    Ní bhíonn aon fhéásta ar bith againn i gcóir lae 'le Brighde anois. Is iomdha duine nach bhfuil fhios aige go bhfuil a leithéid de féasta ann chor ar bith. Ach ní bhíodh an sgéal mar sin fadó san áit seo. Bá mhór an féasta in Éirinn é fadó. Do bhíodh fleadh mór i ngach tigh an oidhche sin.
    Nuair a bhíodh an líon-tighe go léir bailighthe, an bord leagtha i gcóir an tae agus gach rud faoí réir tóghtaí duine mar Brighid - an mháthair b'fhéidir, nó cailín de mhuintir an tighe. Chuireadh sí cota uirthi agus théighead sí amach san halla. Tógadh sí beart luachra a bhaineadh do'n ócáid an lá sin. Annsin thagadh sí go dtí an doras agus bhuaileadh sí air agus deireadh sí " Teígigidh ar bhur nglúnaí agus abraigidh bhur gcuidh paidreacha agus leigighid Brighidh Naomhtha isteach. " Théigheadh muinntir an tighe ar a nglúnaibh agus deiridís " Tar isteach a Bhrighidh Naomhtha " . Agus thagad sí isteach. Shuidheadh sí ag ceann an bhuird agus chaithidís an béile. Nuair a bhíod bhiadh caitthe achu dhéanaidís uilig crosóg roimh eirghe o'n mbord dóibh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Feast of St Brigid (~366)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlís Nich Shamhrain
    Gender
    Female
    Address
    Milltown, Co. Cavan