School: Coolroe, Tinahely
- Location:
- Coolroe, Co. Wicklow
- Teacher: Mrs Lush
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)254
theagmhuigheadar le n-a chéile tháinig an t-ainmhidhe ar an láthair is do thóg sé an cailín bocht abhaile leis go n-a bhrughtheach is coimeádadh i mbraighdeanas í.
An inghean ba shine a bhi ag an bhfear seo i mBrí bhi sé le pósadh i gcionn lá is bliadhain is d'áitigh an cailín óg seo a bhi gabhtha sa bhrughtheach go leigfidhe saor le h-aghaidh na bainfheise í, ach ni leigeadh a mian léithe. Tháinig an cailin ion-phósta fiú, is chuaidh sí síos ar an dhá glúin ag áiteamh ar an ainmhidhe ach bhí a saothar i n-aisge dí.
Ghabh lá is bliadhain eile thart is bhí an dara inghean óg ag dul chun pósta ach ní thabharfadh an t-ainmhidhe cead do'n inghean a b'óige dul chun na bainfheise ach chomh beag.
Ghabh lá is bliadhain eile thart is bhuail tallann pósta an t-ainmhidhe. Chuaidh sé chomh dian sin air gur iarr sé lámh an chailín seo a bhí i mbraighdeanas aige. Ní raibh an cailín óg sásta nó leath-shásta, rud chomh mór chomh gránna nó chomh droch-chumtha a bheith mar chéile aici. Bhí sí ag cur(continues on next page)- Informant
- Siobháinín Ní Thuathail
- Gender
- Female
- Age
- 70
- Address
- Coolroe, Co. Wicklow