School: Coolroe, Tinahely
- Location:
- Coolroe, Co. Wicklow
- Teacher: Mrs Lush
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)252
An t-Ainmhidhe is an Cailín.Bhí ainmhidhe mór-ádhbhal i n-a chomhnuidhe i mbrughtheach ar an mbóthar idir Brí Cualann is Baile Átha Cliath sa tsean-aimsir. Tharla go raibh fear i n-a chomhnuidhe i mBrí san am chéadna is théigheadh an fear seo go Baile Átha Cliath gach maidin, is thagadh sé abhaile um thráthnóna nuair a bhéadh a ghnó curtha i n-eagar aige. An tráthnóna seo go h-áirithe is an fear ag filleadh abhaile tháinig sé féin is an t-ainmhidhe aghaidh ar aghaidh ar an mbóthar ós cómhair an bhruigh is thoisigh cómhradh idir an bheirt aca. Sa chainnt dóibh dubhairt an t-ainmhidhe úr-ghránna leis an bhfear go gcaithfeadh sé an chéad duine a chasfadh leis i mbraighdeanas sa brughtheach, is cuma é a bheith ar a bhóthar go Baile Átha Cliath ar maidin nó ag tigheacht thar ais tráthnóna dó. Bhí an fear lán- toilteanach an ghíomh seo do chur chun críche ó tharla nárbh é féin a bhéadh thíos leis mar a dubhairt sé féin.(continues on next page)- Informant
- Siobháinín Ní Thuathail
- Gender
- Female
- Age
- 70
- Address
- Coolroe, Co. Wicklow