School: Ballincor

Location:
Ballincor Demesne, Co. Offaly
Teacher:
Mrs Julia Liffey
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0819, Page 229A

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0819, Page 229A

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ballincor
  2. XML Page 229A
  3. XML “Cnoc na Sióg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cnoc Na Sidheog
    Sgéal Ó'n Aismir
    Domhnall O Cearbhaill do Sholátair
    Tá cnoc i n-Ui bhFáighle na mág, a bhfuil déanamh cruiceóige air. Tá radharc maith ó n-a bhárr agus is féidir, adeirtear, amharc d'fáil la breág gréine ó n-a mhullach ar a sé nó a seacht de chonndacthe. Chitear an tSionnainn thiar, agus mág mór na n-Éireann thoir. Bí tigh mór ar a bhárr tráth, ach níl fágtha anois ach na fallaí. Tá sé ráidte gur thóg bean uasal an tigh sin fad ó is go dthéigeadh chun comhnuighte ann igeaitheamh an tSamhraidh. Ní bhíodh aon chur isteach ar na sidheóga nó gur tógadh an igh si. Bhíodh faitche breágh imeartha aca ann agus chaithidís an oidhte ag rinnce, ag téimrigh, is ag déanamh spóirt dóidh féin ar chliatháin an chnuic. Masla [?] dhóibh an tigh is an bhean uasal, ach tugadh masla [?] ba mheasa násin dóibh. Thosnuigh muinntir na comursanachta ag cur a gcuid beithidheach ag ingheilt ar an gnoc istoidhche [?], agus ba ghrán leis an sluagh sidhe bheith ad' iarraidh spórt do dhéanamh agus na ba is na gabhair ag sataile orta. In a theanta sin chuireadh búithreach ná mbó sgeón ionnta, agus socruis Rí na Sidheóg 'na aigne an ruaig do chur ar na ba dá mb'féidhir ar aon chor é.
    Ní raidh ach aon tsólás amháin ag an sluagh sidhe Do luigheadh na ba síos ag cogaint na círe, agus annsan ní bhíodh aon cur isteach ar siamsaí na sidheóg ar an gcnoc. Oidhche amháin sa bhfoghmhar aus na ba 'na luighe do chuardh Rí na Sidheóg go dti aodhaire na mbó agus thosnuigh ag rinnce ás a chomhair amach ar an bhféar, agus do chuir gach croc ní a ghreannmhara ná a céile air féin, sgiáthain fiolair air is earball dhragúin. An chéad neomait eile bheadh sé 'na fhear bheag bhacach agus ceann tairdh air, leis sé béiceanna is búbála, sgréacha is sgreada [?] as, agus ba dhóbair do'n aodhairebhocht tuitim i laige leis an eagla.
    Do rith na ba annso is annsúdh leis an sgeón do cuireadh ionnta. Thuit uird aca san abhainn is bádhadh iad. Thuit roinnt eile síos le fánardh is briseadh a gcnámha.
    Chuaidh an ráfla amadh go raibh púca gránda ar an gcnoc agus ní fanadh duine ar bith i bhfeighil na mbeithidheadh ar a raibh d'ór buidhe i gciste an Rí.
    Do lean na sidheóga dá spórt is dá lúithcleasa gan cur isteach ó aoinne orta. D'ólaidhís an drúcht ar an bhféar, agus dhíodh barra na muisiriún 'na mbordaidh aca mar ba ghnát.
    An dream gun teo an cnoc bhíodar i gcruadh-chás. Ní n-aon iongna go radhadar go gruamdha, mar bhí an féar ag fás go borb agus gan beithidheadh á ithe.
    Thánta an t-am úd go raibh fear sa taobh sin tíre agus deirtí nach raibh eagla air roimh sprid ná púca, ná aon rud beo ná mardh. Learaí ab' amm dó.
    Chuala learaí nárbh féidhir aodhaire d'fhán chur aire do thaibhirt do na ba istoidhche agus -
    ("Do thug léim as a chabhart.")
    - chuardh sé chun na n-áite. Casadh duine de na feirmeóirt [?] air agus d'innis an sgéal brónach dó.
    "Muna bhfuil ach sin ag dhéanamh buadhartha dhuit," arsa learaí, "ná bhíodh aon imnidhe ort feasta. Má tá oiread sidheóg ar an gnoc is tá prátaí sa ngort san agat n chuirfeadh san as dom, mar níl eagla alinth [?] orm rómpa. Níl beann ar bith agam ar aonne beo: ba ghreannmhar annsin dé gcuirfeadh firín beas de sidheóg eagla orm."
    "O, learaí," ars ar feirmeóir, "ní cón dhuit labhaint chomh dána san, mar ní fiocé atá ag éisteacht 'leat; ach má thugann cú aire dom chuidh beihidheach ar feadh seachtaine bead fé chumaoin mhór go tá mo bháis."
    An oidhche sin le n-éirthe 'na gealaig chuidh learaí suas an cnoc. Do shuidh síor an charraig, do tharraing amach feardóg, is chosnuigh ag seinm ceóil.
    Níordh fada ag seinm dó nuair chuala sé na sidheóga ag cogarnach is ag gabhail amhráin ós iseal.
    Tar éis tamail chuala iad ag gáire agus dobhairt sidheóg aca:
    "Féach ar sin anois! Tá fear eile bhfáinne na sidheóg. Téirigh uige a Rí, agus cuir a ruaig air."
    Mhothuigh learaí iad ag dul amach thairis mar bheadh na miolrógá [?] oidhche samhraidh. Annsan do chonnaic idir é agus an ghealach an cat mór dubh, agus a dá shúil glasa ag féachaint air. D'éirigh an eat ar a chosaidh deirigh agus thosnuigh ag mi-ú ós árd. Rí na Sidheóg do bhí ann, an ndóigh, agus an crot nua seo air, ach níon chuir sé faitchios ar bith ar learaí.
    "Lean leat, a chuid," adeir learaí, "ma dhéanamh usa an rinnce seinnfead port -
    ("D'éirigh an cat ar a chosaibh deirigh.")
    - dhuit," agus do sheinn port meidhread ar an feapóig [?].
    Thámig fearg an domhain ar an sidheóg. Dhéin [?] apa de féin, agus món gránda, agus ollphiast do chuireadh sgeón i n-aoinne beó; ach lean learaí de'n phort. Thuig an Rí nárbh aon mhaith dhó bheith ad' iarradh agannradh do chur ar an bhfear seo, agus do chmhnig air sheift eile. Dhein sé gamhain bhán de féin - gamhain chomh bán le bainne.
    Dhruid an t-ainmhidh anall chuid learaí go cneasta sliogach, ach cheap sé go bhfaca gliocas ins na suile aige: níon dhein sé adh an fheathós [?] do chaithamh uaidh a léimrigh ar dhruim na gamhna.
    Dubhramar cheana gur féidir abha na Sionna d'feicsint ó bhárr an chnuic úd.An oidhche seo do b'féidir an c-uisge bán b'feicsint i bhfad man bheadh brat airgid fé sholus na gealaighe, agus b'aoibhinn an radharc é gan dabht.
    Nuair do mhothuigh an Rí learaí ar a dhruim chrom séag gáirí: do thug léim mhór as a chabhail agus siar amach thar an Sionann leis - deich mile d'aon léim amháin. Ní radhadar ach neomait go raibh Conndae an Cláin bainte amach aca. Tháinig an gamhain __ [?} an thalamh réidh; adh do chaith a cosa san ser, agus do leag learai síos ar an bhféar bhog.
    D'féac learaí suas idir an dá shúil ar an ngamhain, do sgríob a cheann, agus arsa sé: -
    "Molaim tú! Da bhreág an léim sin do samhain!"
    D'féadh an gamhain air an feadh neomaite, agus annsin do chuir an crot ceart air féin, "A learaí," arsa sé, "is dána an mac cú; ní fheadar an dtiocfaidh tú ar ais ar mo dhruim aris?"
    "Tiocfad má leigeann tú dhom," arsa learaí.
    Dhein an Rí gamhain do féin arís is thóg suas ar a dhruim. Ghabhadar ar ais de léim arís is thángadar anuas a rmhullabh [?] an chnuic.
    Do chuir an Rí an gnát crot air féin arís agus do labhair:
    "Duine calma 'sead thú," arsa sé le learaí, "agus an fhaidh is bheidh tú ag aodhaireacht na mbó ar an gnoc so ní chuirfidh na sidheóga isteach ort. Gad síos le n-éirighe leis na ndubhras an méidh sin." D'imcis sé as amharc ansin ar an bpoinnte.
    Do mhai learaí go socair sásta i dtigh an fheirmeóra i gcaithamh a saoil. Do seinneadh ceól binn air an bhfeadóis ó naidin [?] go n-oidhche, agus é ag aodhaireacht ua mbó; ach níon leag séil an sidheóig ó'n oidhche sin i leit, Ní fios dúinn an dtáinig na ndheóga ar ais tar éis a bháis, adh tá cnoc sidhe gamhna mar ainm ar an gcnoc úd go dtí an lá atá indiu ann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Knockshigowna, Co. Tipperary