School: Durrow
- Location:
- Durrow Demesne, Co. Offaly
- Teacher: P. Ó Coinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Durrow
- XML Page 199
- XML “Office Men - Fir Ráite Paidreacha”
- XML “Coshering”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)eirigheadh as mar bhéás.
- Ba chuimhin leis an duine seo an nós seo do bheith ar mharthain taobh amuigh de Chill Bheagáin i dtreo Muileann Ceair. Nós é seo amhail an chaointe i gConamara. An uair a bítí ag iomchar an mharibh gus an roilig nógus an chill cromtaí ar ghol géár ologónach ages na mnáibh. "Coshering" a thug sé air mar bhéás agus is áit a cheangail le béas nó le h-ócáid go bhfuil brón agus bás ag baint leis. Coísire = duine a caitheann tamall le fleadhchas lánamhain do réir sgéalta Uí Mhuineog ba shia mar mhair sean nósanna Gaedheal timpeall Castletown Mig Eochagáin agus as san siar ó thuaidh ná mar mhaireadar sa Darmháigh nó um an Tulaigh Mhóir.B fhuath le sochraidigh an marbh d'iomchar i gcarr tráth a óige. Is cuimhin leis bean óg do bheith dá cur. Chaith sí a saoghal i bparóiste Ratháin acht ó ba pharóisteach Cille Bheagáin í bhítheas á tabhairt go dtí roilig a sinsire.Turas ocht míle é ó'n Rathán go dtí Cill(continues on next page)