School: Durrow
- Location:
- Durrow Demesne, Co. Offaly
- Teacher: P. Ó Coinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Durrow
- XML Page 185
- XML “Oíche na Gaoithe Móire - 1903”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sa Darmháigh, amhail gach áite eile, dífhreamhuigheadh raidhse crann sa timpeall. Nochtuigheadh - sna áiteannaibh in ollfhearann Lord Norberry - cloigne agus cnámha daonna. Arsa fear liom - ag tagairt d-omadh (?) na gcnamh agus na gcloigeann - ar seisean "Dá mbeiththeá ag cur inill ar ineall gheobhfá easna fir in aon ait sa "Demesne" chun é d'aingnuighadh sa talamh. Deir sé go raibh troid ann uair amháin (Muinntear Mhic Eochagáin agus Muinntear Uí Mhaolmhuaidh)Seo mar thárla. D'ionnsuigh na Mic Eochagáin fearann Uí Mhaolmhuaidh agus sgiobadar leo táin bó.Chuaidh muinntear Uí Mhaolmhuaidh ar a dtóir agus d'eirigh leo a gcuid do thiomaint abhaile. Chuaidh muinntear Mig Eochagáin in a ndiaidh agus ránuig an dá dhream le céile sa Darmháigh. Go mba de shin fáth iomad na gcloigeann(continues on next page)