School: Naomh Bríghid, Blackwater (roll number 7036)
- Location:
- Blackwater, Co. Wexford
- Teacher: Diarmuid Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tráthair i mbloc ghiúise a bhí amuich sa chlós isteach sa Poll sa chuir sé na gamighthe agus chomáin cipín go daingean lasmuich dhíobh. "Seadh" ar seisean "ní baoghal go bhfuighidh Seán Bán Gabha anois iad pé sórt beitheamhnaig é.Nuair a chuaidh an cniopaire a chodladh an oidhche sin do thosnuig an clagar fé mar a scaoilfí anuas as an roithleán é. D'eirig an tuille agus do sgéidh sí sa chlós agus d'árduig léi an bloc giúise. Níor stad an bloc riamh na coidhche chun gur cuireadh amach ar an mbán é tímpal triochadh míle ó bhaileNuair d'eirig an cníopaire ar maidin agus chonnaic sé go raibh an bloc imthighthe buail sé a bhasa agus do chas an dá olagón deag. D'imthig fan na h-abhann ag lorg an bhluic agus é ag lógóireacht mar bheadh duine imthighthe as a mheabhar ach níor aimsig sé é mar bhí sé dultha ro fhada ó baileNíor fhill sé a thuille ar a mbothan cois taoibh na h-abhann ach fuair mála agus d'imthig air ar bhacachas.Níor chomhnuig Seán Bán Gabha ró fhada ón áit gur chuir an tuille an bloc amach(continues on next page)