School: Naomh Bríghid, Blackwater (roll number 7036)

Location:
Blackwater, Co. Wexford
Teacher:
Diarmuid Ó Súilleabháin

Filter stories

Back
/ 164 Forward
Resolution: Low | High
Seanscéal - Seán Bán Gabha

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0886, Page 152

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Béidir ná misde dhom an sgeal seo leanais do bhreacadh síos. Im' oige d'airigheas é agus ní fheaca ó shoin i leith fé clódh in aon leabhar Ghaedhluine é - i bhfios dom fhein ach go h-áirighthe. Seo agaibh é mar sin:


Bhí cníopaire duine bhoicht ann fad ó . Do chomhnuig sé i mbothán cois taoibh na h-abhann. Bhí sé scannruighthe chun airgead a dheanamh. D'oibiruigheadh sé de ló is t-oidhche idir Domhnach agus lá oibre.
Bhí roinnt ginighthe (?) bailighthe le chéile aige agus mar seo 'lár Domhnaigh nuair a bhí sé ag obair do labhair guth leis.
"'Taoi ag briseadh na saoire" ars an guth "Tá airgead bailighthe agat agus d'á mhéid é do ghreim air is olc a n-imtheochaidh se uait mar bearfaidh Seán Bán Gabha uait an uile leath-phuighin de".
Ní raibh fhios ag an gcníopaire seo cá raibh Seán Bán Gabha ná an taer os a chionn. Níor airig sé riamh teacht thairis ach do buaileadh isteach in a aigne gur bhitheamhnach Seán Bán agus go dtiocfadh sé chun é robáil.
D'fonn bheith ullamh in a chóir bhailig sé le chéile a chuid airgid, chuir se poll

(continues on next page)
Language
Irish