School: Kilmore Convent School

Location:
Kilmore, Co. Wexford
Teacher:
Sr. Lorcan Ní Riain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0877, Page 119

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0877, Page 119

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Kilmore Convent School
  2. XML Page 119
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ainm an aithriseora - Cáit Ní Lamport
    A h-Aois - 14 bliana
    A Seoladh - Baile h-Éile, Cill Mhór

    Fadó bhí cáil mhór ar Bhaile h-Éile maidir le h-iasgaireacht. Thagadh iasgairí ó'n Bhreatain Bhig go dtí an áit gach bliadhain le h-iasg d'fhághail. Bhí de nós ag iasgairí Bhaile h-Éile gan cur amach chun fairrge ag iasgach Oidhche Naoimh Mairtín. Bhí iasgairí ó Shasana san áit ag an am san agus rinneadar magadh fé na h-Éireannaigh. Dubhradar nach raibh splannc céille aca, gur chreideadar i bpisreogaibh srl. Ba bheag suim a chuir iasgairí Bhaile h-Éile ionnta, d'fhanadar sa bhaile.
    Pé scéal é, chuaidh na Sasanaigh amach ag iasgach dóibh féin agus d'fhilleadar ar maidin agus na báid ag cur thar maol le h-iasg. Bhí díombáidh ag iasgairí Bhaile h-Éile a d'fhan sa bhaile.
    An chéad Oidhche Naoimh Mairtin eile dubhairt iasgairí Bhaile h-Éile leo féin go raghfaidís amach ag iasgach. Rinne na mná a ndicheall gan dóibh dul ach ba bheag suim a chuir na h-iasgairí ionnta.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Lamport
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    Ballyhealy South, Co. Wexford