School: Gortloney (roll number 11978)
- Location:
- Gortloney, Co. Meath
- Teacher: Eoghan de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gortloney
- XML Page 162
- XML “Fobhar Fheichín, Contae na hIarmhí - Béaloideas ag Baint leis”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cillín an dithreabha. Bhí an cillín seo an-chaol agus íseal agus bhí ar an ndithreabh mionna a thabhairt gan dul amach doras a chillín arís go dtí lá a bháis. Bheireadh muinntear na h-áite biadh agus deoch dó agus chaitheadh sé a am go léir ag rádh a phaidreacha agus ag machtnamh ar Dia. Bhí cáil mhór ar na dithreabhaibh Fobhair agus tá cur síos ortha ag a lán stáirithe go mór mhór ag Éinri Mac Piarsach. Sílim gurbh é Pádruig Beiglín an duine deireannach dóibh.I mbéal oideas na sean-daoine tá sgeul greannmhar ach truaighmhéalach go leor i dtaobh duine des na dithreabhaigh seo. Nuair a bhí sé 'na bhuachaill óg bhí an-duil aige 'san bhfiadhach. Lá amháin do thárla sé agus é 'na dhithreabh sa chillín gur tháinig fuaim binn an coirn agus glór na madadh fiadhaigh chuige ar an ngaoith ó threó na Beinne. D'aithbheodhaigh an sean-duil san bhFiadhach 'na chroidhe an an bpoinnte! Ba mhian leis dul ar thoir an fhiadhaigh. Chuimhnigh sé ar an mhionn a thug sé, gan dul thar doras a chillín, go dtí lá a bháis, bhí sé i sáinn críochnuighthe. Ach fuair sé reidhteach ar an sgeul san bhfuinneoig. Amach leis ar an bhfuinneoig sin agus do rith sé i ndiaidh an Fhiadhaigh, é ag ráth leis féin gur choimeád sé a mhionna de bhrígh nach ndeachaidh sé amach doras a chillín, do lean sé an fhiadhach tímceall dhá mhíle, ach nuair do tháinig sé chomh fada le h-áit éigin i(continues on next page)