School: Ughtyneill (roll number 12897)

Location:
Ughtyneill, Co. Meath
Teacher:
Maighréad, Bean Uí Chinnéide
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0705, Page 205

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0705, Page 205

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ughtyneill
  2. XML Page 205
  3. XML “Seamus O Ceallaigh agus na Buidéil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Morán de bliadantaibh oshoin do bhi ina comnuidhe i dtuaisceart Conndae na Midhe ar teorannaibh an Conndae sin ag Conndae Muineacháin sgológ no feilmeur beag darb ainm Seamus O Ceallaigh. Ba dealbh an fear é mar ba bheag an giota fearainn da bí aige agus gan é bheith ró mhaith ar chor ar bith. Bhí sé posta agus ba liachtmhar an clann do bí aige freisin. Bhí bó beag aige agus b'eigean dó i do thiomáint cun aonaigh le na dhíol. Mar sin d'eirig se go moch maidin aonaigh Ath Fhirdia. Rug se an bhó leis is lean sé fan bhothair ag deanamh ar sráid an aonaigh. Nuair do bhí sé mile slige no mar sin ó na thigh fhéin ag ait do glaodadh croch na mbuideal cia d'eirigh roimhe ar thaoibh an bhothair ach fear beag agus caipin dearg ar a cheann. "Bail ó Dhia ort a fhir mhaith arsa an firín le Seamus. "An bhail ceadna ortsa a duine macanta" arsa Seamus. Ca bhfuil tu ag dul comh moc seo ar maidin" ars an firin. Taim ag dul ar aonach Ath Fhirdia leis an mbuin seo do dhíol ann má's feidir liom é.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0563: The Table, the Ass, and the Stick
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig O Ceanglaigh
    Gender
    Male