School: Donnycarney (roll number 10950)

Location:
Donacarney Great, Co. Meath
Teacher:
P. Ó Cadhain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0682, Page 150

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0682, Page 150

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Donnycarney
  2. XML Page 150
  3. XML “Mornington - Baile na Mairnéallach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Mornington - Baile na Mairnéallach-
    Baile é seo "bhfuil go leór mairneallach ann fós féin, cuid diobh a chaith a saoghal leis na galtain agus le longaibh no báid seól. Iasgaireacht an slíghe beatha atá aca, acht ní iasgaireacht ar an bhfairrge a bhíonn síad acht ar bhradáin ins an abhainn ag Inbhear Colpa Tá an baile suidhte le h-ais Inbhear Colpa.
    Tá dhá thúr ins an áit seo. Tá ceann aca suas le 80 troigh ar aoirde agus an ceann eile timcheall 12 troigh. Tá staighre casta, deanta de "chloic, ag dul suas go bárr ins an ceann mór. "Maiden Tower" a tugtar air. Seo é an béal-oideas ata ag baint leis:
    Cogadh a bhi ar siubhal agus b'eigin do oifigeach imtheacht leis go dti pháirc an áir agus a bhean nua-phosta fágailt i na dhiaidh. Dubhairt sé leithe ar casadh abhaile do'n luing go mbeadh brat dubh in airde uirthe dá mbeadh sé marbh acht gur brat bán a bheadh ann dá mbeadh sé i na bheatha. Tháinig sé ó'n gcogadh i n-a bheatha, acht le cleas a imirt ar a mhnaoi cuireadh brat dubh i n-airde ar an luing ag teacht isteach béal na h-abhann dí. Ar a fheiceáil sin d'on mnaoi léim sí anuas de'n túr agus briseadh a méar. Sin é an uair a tógadh an túr beag agus tugtar an "Lady's Finger" air.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish