School: Mullach, Sráid na Cathrach (roll number 3928)

Location:
Mullagh, Co. Clare
Teacher:
Proinnsias Ó Sandair

Filter stories

Back
/ 170 Forward
Resolution: Low | High
Mullach, Sráid na Cathrach | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0624, Page 039

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Seán Mach Oirchinnigh a bhí in a chomhnaidhe i gCluan a Drom do thóg sé suas ar dhrom fiche cloch de phráthaí ins an slighe seo. Do luigh sé sios in aiche na saiche agus do rug sé air agus do chuir sé é ar a dhrom. Nuair d'éirigh sé suas dubhairt sé leis an bhfear a bhí leis, a bhí cúig clocha déag meadhchainbt dul suas ar an sach. Do chuaidh sé agus do shiubhal an fear mór thimceall leis an sach agus an fear eile ar a dhrom.
Séan Ó Dúgáin a bhí in a chomhnaidhe i gClochán Mór do chuir se dathadh cloch de choirce suas ar dhrom capaill cum é a díol in Innis.

Seán Ó Cléirigh a bhí in a chomhnaidhe i gClochán Mhór bhí sé in a reathaidhe maith. Ar maidin do ritheadh sé amach agus do bheireadh sé ar choiníní agus gearrfaidhthe.
Diarmuid Tadgh Ó Cathair na Groidhe do rithead sé go Sráid na Cathrach agus thar n-ais

(continues on next page)
Collector
Seán Ó Cillín
Gender
male
Address
Carrowlagan, Co. Clare
Informant
Pádraig Ó Cillín
Gender
male
Address
Carrowlagan, Co. Clare
Language
Irish