School: Mullach, Sráid na Cathrach (roll number 3928)

Location:
Mullagh, Co. Clare
Teacher:
Proinnsias Ó Sandair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0624, Page 033

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0624, Page 033

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mullach, Sráid na Cathrach
  2. XML Page 033
  3. XML “Faisnéis ón Éanlaith agus Ainmhithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a eitileann na fáinleóga go h-iseal sin comhartha báistighe. Ach má eitileann siad go h-árd sin rian go mbeidh aimsear breágh againn. Nuair a chloistear na coirrliúin ag gláodhac san oidhche bimíd ag brath ar aimsear fliuch do theacht. Aon úair a thuirlingeann na preacáin agus nuair a cítear iad ar na fallaí ag réabhadh an chré sin comhartha go mbeidh báisteach againn sar I bhfad. Má eitileann na spideóga suas go bárr na gcrann, bimíd siúrálta áimsear breágh d'fháil. Ach ar an dtaobh eile má fhanann siad I mbun na gcrann sin comhartha go mbeidh droch-aimsear againn. Nuair a phiocann na cearca iad féin sin comhartha maith go mbeidh droch aimsear againn.
    Má shuidheann an cat agus a dhrom iompuighthe chun na teine Deirtear go mbíonn droc aimsear ag teacht. Aon úair a sgríobann an cat an stól nó an chatháoir sin comhartha stoirme. Nuair a chloistear na laóigh agus na ba ag géimneac tráthnóna Samhraidh sin rian tórnaighe. Má feiceana tú an ghabhar ag ingheilt go h-ocrasach ar maidin bimíd siúrálta lá fliuch d'fháil. Ach ar an dtaobh eile ma fheiceann tú é ag seasamh leis an bhfalla agus gan fónn bídh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máirtín Mac Flanncaidhe
    Gender
    Male
    Address
    Carrowlagan, Co. Clare
    Informant
    Seán Mac Flanncaidhe
    Gender
    Male
    Address
    Carrowlagan, Co. Clare