School: Mullach, Sráid na Cathrach (roll number 3928)

Location:
Mullagh, Co. Clare
Teacher:
Proinnsias Ó Sandair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0624, Page 031

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0624, Page 031

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mullach, Sráid na Cathrach
  2. XML Page 031
  3. XML “Faisnéis na hAimsire - Faisnéis na hAimsire ón Spéir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Má théigheann an ghrían fé agus dath bán glas uirthi agus gáethe aisti sin cómhartha go mbeidh droch aimsear ag teacht. Ac ma théigheann sí fé go dearg sin cómhartha go mbeidh aimsear breágh againn.
    Nuair a chímíd an ré ag luighe ar a dróm, tuigimíd go mbeidh droc-aimsear ag teacht. Má bhíonn fáinne mór-thimceall na gealláighe bimíd ag brath ar bháistigh. Ach ar an dtáobh eile má thaithnúigeann sí go geal agus go h-áluinn sin cómhartha go mbeidh lá breágh againn an lá in a dhíaidh sin.
    Nuair a cítear na réalta ag rínnce sa spéir óidhce spéir gealláighe sin cómhartha go ndéinfidh sé sioc. Ós rud na feicimíd íad ag rínnce deirtear go mbeidh droc-áimsear againn sar i bhfad.
    Nuair a bhíonn na sgamaill in ngoirreact dúinn i Sámhradh agus nuair a fhéacann síad dubh sin cómartha báistíghe. Má fheicimíd na sgamaill ag rith roimh an ghaoith tuigimíd go mbeidh storm againn. Ac ar an dtáobh eile má fheicimíd na sgamaill fada úainn agus dath bán ortha sin rían maith go leanfaidh an aimsear breágh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máirtín Mac Flanncaidhe
    Gender
    Male
    Address
    Carrowlagan, Co. Clare
    Informant
    Seán Mac Flanncaidhe
    Gender
    Male
    Address
    Carrowlagan, Co. Clare