Tá Caislean Dúin Ógáin suidhte i lár pharóiste Cílle Mhuire Uí Breacáin tímcheall míle ó Sráid an Mullaigh ar thalamh Pádraig Ó Ghormáin.
Deirtear gurbh íad na Danair a chuir an Chaisleán sin ar bun.
Deirtear gur chuir na Danair ór agus rudaí eile lúachmhara san Chaisleán sin agus núair a bhíodar ag teicheadh as an dtír ní bhfúaireadar an seans cun an óir agus na rudaí eile lúachmhara a thabhairt leó.
Annsan do chuireadar draoidheacht ar an ór go bhfanfadh sé ann ar feadh céadhta blían agus nuair a bhéadh an t-am sin istigh go bhfaigheadh triúr dríotháir é.
Deirtear ná fuil sé ceart aon rud a dhéanamh leis an gCaisleán, mar blíanta o shoin do tháinig daoine cun an óir d'fáil agus cé gur dheineadar a ndícheall níor éirigh leó agus thuit mí ádh éigin ar ghach duine acha.
Deirtear leis go bhfuil bean bheag, bhídeach ag tabhairt aire d'on ór.
Máirtín Ó Seanáin, Dún Ógáin a thug an scéal san dom