School: Mullach, Sráid na Cathrach (roll number 3928)

Location:
Mullagh, Co. Clare
Teacher:
Proinnsias Ó Sandair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0624, Page 003

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0624, Page 003

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mullach, Sráid na Cathrach
  2. XML Page 003
  3. XML “Caisleán Tromora”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá caisleán Tromora suidhte in-aice le sruthán beag ar an taobh thiar de Thromora. Ba leis na Bríanaigh é. B'é Aonraí Ó Bríain an fear a bhí ag tabhairt aire do. Sean athair do Thighearna Chláir a b'eadh é a bhí ag cabhrú le na Briogaíd Eireannach i bfFontenoy. Bé Captaen Ward a bhí ag cabhrú le Cromwell an uair sin agus do bhí sé ag gárdáil an Chaisleáin leis. Do throid Colonel Ó Flaherty ó'n Árainn i gcoinnibh Captaen Ward í gCreigeán. Do mharbh sé Captaen Ward insan troid, mar do chuir sé pileár tríd. Nuair do chonnaic a inghean Nuala a h-athair marbh do chaith sí i feín tríd an bhfuinneoíg. Do chuaidh sí go dtí an fhairrge agus do chaith sí i féin isteach ann as charraig. Tugtar Carraig Nuala ar an gcarraig sin go dtí an lá atá indiu ann.
    Deirtear go bhfuil ór ins an gcaisleán agus franncach ag tabhairt aire do. Uair amháin bhí bean ag dul thar an caisleán le dinnéar i gcoír a céile a bhí ag sabhaíl féir in aice na h-áite seo.
    Ag dul thar an caisleán dí do chonnaic sí éadach mór sínte ar an bhfeár agus é cluduighthe de ór. Do labhair guth lei ag rádh "Cas a Mháire agus tóg cuid de'n ór". Níor chas
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Ó Dorchaidhe
    Gender
    Male
    Address
    Mullagh, Co. Clare
    Informant
    Micheál Ó Maonaigh
    Gender
    Male
    Address
    Kilmurry, Co. Clare