School: Mullach, Sráid na Cathrach (roll number 3928)

Location:
Mullagh, Co. Clare
Teacher:
Proinnsias Ó Sandair

Filter stories

Back
/ 170 Forward
Resolution: Low | High
Ór i bhFolach

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0624, Page 001

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Tá loch suidhte in aice le Cill Mhichíl ar a dtugtar Cnoch na locha air. Loch an doimhin is eadh é agus ar bhruach na locha tá cnoch beag. Ins an gnoc sin (tá) bhí doras ag dul go áit ina (bhfuil) raibh ór i bhfolach. Timcheall ceatharacha blian ó shoin tháinig fear dár b'ainm dó seán MacConcharrge agus é ina cheann an t-ór d'fháil.
Do thug sé leis beirt fhear eile agus iad go léir a rádh go bhfaighidís an ór nó gheobhaidís bás.
Do thugadar leo órd cun an dorais do bhriseadh. D'éirigh leo an doras do bhriseadh ach bhí iongadh mór ortha doras eile d'fheiscint ós a gcomhair amach. Do bhriseadar an doras sin leis. Annsan do chualadar béich uathbhásach cait a chuir sgeon mór ortha. Do chonnachadar annsan gur lean an uaimh an fhada isteach fé'n loch. Do chualadar béic uathbhásach an chait arís. Tháinig scannradh cómh mór ortha an uair sin gur réidhtigheadar eatorra go raghaidís abhaile.
An oídhche ina dhiaidh sin thángadar arís agus dhá madra feargach aca cun cogadh a cur ar an gcat.

(continues on next page)
Collector
Seán Ó Cillín
Gender
male
Address
Carrowlagan, Co. Clare
Informant
Seán Mac Fhlannchadha
Gender
male
Address
Carrowlagan, Co. Clare
Language
Irish