School: Furglan, Inistíomáin (roll number 11813)
- Location:
- Furraglaun, Co. Clare
- Teacher: Seán Mac Daibhid
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Furglan, Inistíomáin
- XML Page 497
- XML “Paidir”
- XML “Seanfhocail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- A Íosa, a leinbh, bí liom féin, tabhair do lámh liom i dthúis gach lá. Leanbh leat mé a Mhuire Mhór. Chuir fé brat mé oidhche is ló. A Dhia a dhein mé, is thug dom ciall. Bhí sé féin liom, is mé ag triall. Seól an t-olc uainn, i bfad ar fán. Is bíodh le grádh Dhuit mo chroidhe-se lán.
- Fóidín an ocras.
Sé an miniú atá leis sin ná, deirtear go bhfuil fód ins na cnoca, agus má shiubhlann tú air, deirtear go bhfuighteá na féar gortach.Sé an míniú atá leis an sean-fhocail sin. "is mór é luach na foidhne gan amhras", ná, uair amháin bhí maighistear ag lorg buachaill aimsire. Tháinig buachaill isteach chuige lá, agus d'iarr sé air, é glachadh in aimsear. D'fheach an maighistir air agus dubhairt sé leis oscail an bheart sin agus beidh é chugat i gceann cúpla nóimeat. Bhí sé ceangailte go cruaidh. Fuair an buachaill(continues on next page)