School: Furglan, Inistíomáin (roll number 11813)

Location:
Furraglaun, Co. Clare
Teacher:
Seán Mac Daibhid
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 495

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 495

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Furglan, Inistíomáin
  2. XML Page 495
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear draoidheachta mór timpeall na h-áite seo tamaill ó shoin. Bhí sé ábalta gach rud do dhéanamh ar aon chaoi ba mhaith leis féin. Lá cad do dhein sé ach trí mhuc do dhéanamh as trí phíb gruaige an chapaill. Tháinig fear lá chun iad do cheannach agus dheineadar margadh ar triochadh punt i gcóir na muc.
    Bhí capall agus cearr aige agus chuir sé na muca isteach ann. Bhí abhainn in aice an tí agus nuair a bhí sé ag dul trasna na habhann, cad do tharla ach d'iompaigh na trí mhuc thar n-ais go dtí na trí phíb gruaige arís. D'iompaigh sé thar n-ais chun an scéal d'insint den fhear draoidheachta i dtaobh na muc, agus an t-airgead d'fhágháil. Nuair a d'iarr sé ar an bhfear draoidheachta a chuid airgid do thabhairt do dúirt sé go raibh sé síos ina bhróg agus an bhróg do tharraingt de agus go bhfaigheadh sé é.
    Nuair a bhí an bhróg oscailte aige, rug sé greim air chun é do bhaint de, agus cad do thit amach ach gur tháinig an chos leis ón nglúin. Do thit an fear le heagla agus níor bhac sé leis an airgead arís. Bhí an fear eile ag gol agus ag béiceadh ag ligint air go raibh pian an-mhór aige agus é an-mhagúil ar fad. Geallaim duit go raibh sé sásta leis féin ach mar leis an duine bocht bhí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish