School: Furglan, Inistíomáin (roll number 11813)

Location:
Furraglaun, Co. Clare
Teacher:
Seán Mac Daibhid
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 483

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 483

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Furglan, Inistíomáin
  2. XML Page 483
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Ráthanna agus Liosanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean ann uair amhain agus do theip uirri ím ar bith a fhághail ó'n uachtar ar bhailigh sí. Bhí sí croidhe briste agus cráidhte. Thug sí an sagart go dtí a tigh chun Aifrinn a leigh. Le linn an t-Aifrann a bheith dá rádh san tigh bhí meithil ag baint móna san greamitair (?) agus d'airigheadar sin an cuigeann dá dheunamh san spéir ós a gceann agus ó neómat sin amach bhí an t-im thar nais ag an mnaoi seo.
    Deirtear gur ráthmhar an rud an gealach d'feisgint tré gloinne
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    2. place-space-environment
      1. legendary and spiritual places (~158)
        1. fairy forts (~5,616)
    Language
    Irish
  2. Níl morán liosanna timcheall na h-áite acht slighe gearr ó'n áít tá a lán liosanna. Na sideóga a comhnuigeann ionnta. Tá lios i Sgeach, Eidhneach, agus tá bannc cré mór-thimcheall air. Deirtear gurbh iad na Lochlannaigh a dhein iad. Tá lios eile i Moughna Inis Diomáin. Tá sé cruinn i gcuma agus tá bannc cré mór-thimcheall air. Deirtear gurb iad na Lochlannaigh a dhéin é freisin. Do chonnaic na daoine soillse in aice an lios agus do chualadar céol agus gairidhe ann. Tá lios eile i gCill Corrnan, Sráid na Cathrach agus deirtear go bhfuil ór ann istigh i mála. Tá fear ina chomhnuidhe in aiche na h-áite sin agus oidhche amháin bhí thaidhraimh aige agus cheap se go raibh mála óír ins an lios.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.