Scoil: Furglan, Inistíomáin (uimhir rolla 11813)

Suíomh:
Furraglaun, Co. Clare
Múinteoir:
Seán Mac Daibhid
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 481

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 481

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Furglan, Inistíomáin
  2. XML Leathanach 481
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó agus bhí sé ag dul treasna na páirce lá ait in a raibh dún. Fuair se sugán gruaige sa pháirc agus thóg sé leis abhaile é agus do chroch sé suas é. An ceud uair eile bhí sé ag deunad cuiginne bhí an dá oireadh ime aige is bhíodh aige aon uair eile. Ní raibh fhios an fáth aige. Fé dheire cuimhnigh sé ar an mbuarach (spaincil) agus do thóg sé anuas é, & d'imthigh sé chun na h-áite in a bhfuair sé é agus leag sé ann é.
    Nuair a bhí sé ag deunadh na cuignne an ceud uair eile bhí an oiread ceuana ime aige is a bhíodh aige roimh a bhfuair sé an buarach.
    Nuar a chíonn duine buachaill nú cailín dathamhail, deireann sé "Is breágh an leanbh é (í) agus cuirtear beannacht air.
    Cuirtear beannacht freisin ar an gcapall, laogh caoirigh, &c nú aon rud beo mar sin is ceart e bheannchadh, acht ní cuirtear beannacht leis an madradh ná leis an gcat.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
    Teanga
    Gaeilge