School: Furglan, Inistíomáin (roll number 11813)

Location:
Furraglaun, Co. Clare
Teacher:
Seán Mac Daibhid
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 442

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 442

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Furglan, Inistíomáin
  2. XML Page 442
  3. XML “Seancheirdeanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tomás De Laighléis, Fiadhan, Ineach, Co. an Chláir. Figheadóir seadh é agus tá sé ar a chumas lín agus ola do shníomh. Bhíodh sé mar slighe marachtáil ag a athair.
    Codanna an seóil
    (1) An crann seoil
    (2) Fittáin
    (3) Dlúth agus inneach
    Oibrigheann sé na stirópa leis na cosa, gabhann an snáth do dhaingnú le na chéile. Nuair a bhíonn píosa de fighte aige timcheall trí orlach ar fhaid cuireann sé a lámh ar bhosca agus tógann sé amach sméar éigin ar a dtugtar "struisín" sul a gcasann sé an méid sin ar an gcrann sheól.
    Nuair a bhíonn a t-eadach déanta an chead rud eile é dathú. Theighidi go dtí an sliabh go h-áit bhfuighidís cré gorm ar a dtugtar "dubh-pill" agus annsan théigidís go dtí an fásach agus bhí crann fé léith ag fás ann agus géarraidís cuid de'n crann sin agus thógaidís abhaile é. Bheireochaidís an t-adhmuid agus an dubh pill le chéile. Sgadaidís an t-uisce as. Cuiridís an t-olann síos ins an uisce
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Mac Dáibhid
    Gender
    Male
    Address
    Furraglaun, Co. Clare