School: Furglan, Inistíomáin (roll number 11813)
- Location:
- Furraglaun, Co. Clare
- Teacher: Seán Mac Daibhid
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Amadán bocht a bhí ann uair amháin, do thuit sé tinn agus tháinig an sagart cun an Ola Deanach a chuir air. Bhí leabadh an amadáin ar cúl an dhoruis agus nuar tháinig an sagart isteach d'iarr sé do'n t-amadán "An mó Dia ann"? "Muise go dtugadh an diabhal fios duit" ars an t-amadán, "ba chóirighe dhomhsa bheith dá iarrthaí sin díotsa".Súnán.
Saghas leabadh do beadh é seo. Bhíodh sé ar crochadh anuas ó'n síleál. Nuar bhíodh an duine istigh ann, bhí an Súineán dunta isteach air agus b'in é an maitheas a bhí leis.Comhrádh idir shean figheadóir agus príntíosach a bhí aige blianta roimhe sin. Caoilin an phríntíosach agus Mongabhán an figheadóir. Bhí comhnuide aca i n-aice sliabh Calláin. Tá síol Mongabhán ann fós agus iad bin-bhealach, deise munnteac mar a sinnsear. Thug Caoilin cuart ar Mongabhán na n-Amhrán,
Do bhual isteach sa tigh agus dubhairt "Bail ó Dhia annso isteach"
"De bheatha ach cé tú annso agam" d'freagair Mongabhán. "Tá do sheana phríntíosach. Cé an bhail atá agam ort? arsa Caoilin.
"Tá me san t-seana marcuidheacht" arsa Mongabhán(continues on next page)- Informant
- Séamus O' Donoghue
- Gender
- Male
- Address
- Bauntlieve, Co. Clare