School: Furglan, Inistíomáin (roll number 11813)
- Location:
- Furraglaun, Co. Clare
- Teacher: Seán Mac Daibhid
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Furglan, Inistíomáin
- XML Page 399
- XML “An Clog Órga”
- XML “Cailleach Bhéal Átha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Aon lá amháin bhí Seanán Naomhtha ag freagairt Aifrinn agus ní raibh aon chlog aige. Do ghuidh sé cum Dé agus thuit clog órdha o Neamh cuige. "Clog na Néal" a tugtaí air. Cailleadh an clog acht tá a clúdach le feisgint i dTig ne Seód Seanda i mBaile Átha Cliath.
- Bhí bean i mBéal Átha fadó agus droch-bhean dob eadh í. Do mhairbh sí leanbh ná raibh baistigthe agus nuair fuair sí féin bás damnuigheadh í. Bhíodh a spiorad dhá fheisgint ar feadh ibfad.Do ráinig gur thuit fear i nGlas Cluain tinn agus bhí ar a mhach dul ag iarraidh an t-sagairt ar uair mharbh na h-oidhche. Is i gCill Caoi a bhí an sagairt an uair sin mar bhí an dá pharóiste le chéile. Nuair a bhí an fear ag dul thar droichead Bheal Átha do léim an spiorad ar a chúl agus bhí sí 'ghá thacthadh. Tharraing an fear scian coise(continues on next page)