School: Furglan, Inistíomáin (roll number 11813)

Location:
Furraglaun, Co. Clare
Teacher:
Seán Mac Daibhid
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 392

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 392

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Furglan, Inistíomáin
  2. XML Page 392
  3. XML “An Fear Leisciúil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. In áit éigin, blianta ó shon bhí fear leisgeamhail in a chómhnuidhe san tuaith. Bhí trácht ar a leisgeamhlacht i ngar is i gcéin. Mar ba gnáth tigh ceann tuighe a bhí aige acht díon ar bith ní chuireadh sé air. San oidhche bhí radharc soiléar ar na réaltóga, an ré agus na sgamallaibh amach idir na taobháin is na frothrachaibh. D'airig an sagairt paróiste i dtaobh an fhir seo agus tháinig sé chun cómhairle a leasa a thabhairt do. An fhad is bhí an sagart san tigh bhí sé na chlagarnaigh amuigh is bhí an braon-anuas i ngach áit istig. "Nách mór an náire duit ná cuirfeá dían ar do thigh faoi mar a dheineann gach fhear dod shórt" ar dubhairt an sagart leis. "Acht ar ndóigh ní féidir liom a athair" ars an fear leisgeamhail "Tá sé ag fearthaine." "Acht ná deanfá é an lá tirm" ars an sagart leis. "Á ní bhíonn aon braon-anuas orainn an lá sin" ars an fear tighe. Chonnaic an sagart nárbh aon mhaith a bheith leis agus d'imthigh sé agus d'fág sé annsan é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish