School: Furglan, Inistíomáin (roll number 11813)
- Location:
- Furraglaun, Co. Clare
- Teacher: Seán Mac Daibhid
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Furglan, Inistíomáin
- XML Page 390
- XML “Ór i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tamaill ó shoin bhí feirmeóir bocht in a chomhnuidhe i gceanntar ar a dtugtaí Sgeach. Tá an t-ainm ceadhna ar an áit fós. Tá sé ar thaobh thuaidh de Slíabh Callán.
Oidhche áirithe do thaidhreamh d'on fhear seo go raibh cróca ór i bhfoghlach i n-aice droichid a bhí comhgarach do Cathair Luimníghe. Níair d'eirigh sé maidin lá ar na bhárach do chuir sé é féin i gcóir agus seo chun bóthair é. Níor bhfada gur shroich sé an droichead agus thosnuigh sé ag cúartaigh agus ag romhar. Duine a bhí ag dul thart, thug sé fé ndeara an cuartóir agus do chuir an beirt cainnt ar a chéile. Tríd an cainnt agus an comhrádh d'admhuigh an Cláiríneach an fonn a bhí air agus can a ruag go dtí an áit é. "Tá tu ag dul amugha" a dubhairt an stróinséar. "ní annsan ata an ór cor ar bith, acht i n-aice droichid láimh le Slíagh Callán". D'innis sé go cruinn do an áit in a raibh an ór i bhfoghlach agus tháinig an fear abhaile agus [go] moch ar maidin bhí sé amuigh ar thóir an t-óir agus bhí an t-ádh air an babhta seo mar fúair sé an t-óir.
Istigh i gcróca bhí an t-ór agus leac cuibheasach mór anúas air. Thóg sé an t-ór agus an leac isteach abhaile leis agus thug sé fé ndeara go raibh scríobh(continues on next page)