School: Cathair Seircín, Inis Tíomáin (roll number 5186)
- Location:
- Cahersherkin, Co. Clare
- Teacher: -
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)síad leo buideal den uisge. Deireann na sean daoine go bhfuil an t-uisge go han-mhaith le na thabhairt do ainmidhte a beadh tinn le déanaighe do tháinig beirt misinréirí (?) a bhí i gCill-Fionabhrach go dtí an loch agus do chuireadar a mbeannacht air.
TOBAR NAOMH BRÍGHIDEi mBirchfield Lioscannúir timcheall sé míle ó Innisdíomáin. Ní san áit atá sí anois a bhí an tobar i gcómhnuidhe ach ar an dtaobh eile den mbóthar. Lá amháin do tháinig bean agus do nigh sí a cuid eadaigh le uisge ar an dtobar, agus slan beo mar a n'innstear é ar maidin bhí an tobar imthigte go dtí an taobh eile den bhóthar san áit na bhfuil sé fós. Tagann na sluaighte daoine ann oidhche an cúigeamhadh lae deag de mí Lúghnasa chun paidreacha do rádh agus turasann do dhéanamh. Deineadh siad turas roimh dul fé de'n ngréin ceann eile tar éis dul fé den ngréin agus ceann eile sar a eirigheann sí ar maidin. Tagann a lán daoine isteach ann ó oileáin Arann agus fanann síad ann i rith na h-oidhche ar fad.- Collector
- Bríghid Ní Orgáin
- Gender
- Female
- Informant
- Cáit Bean Ní Chonóil
- Gender
- Female
- Address
- Cahersherkin, Co. Clare