School: Cathair Seircín, Inis Tíomáin (roll number 5186)

Location:
Cahersherkin, Co. Clare
Teacher:
-
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 311

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 311

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cathair Seircín, Inis Tíomáin
  2. XML Page 311
  3. XML “Liosanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    nárbh aisteach an t-am don mhaidin a bhí an bean eile ag déanamh ar an lios, agus nár mór an t-iongnadh a bhí uirthí um trathnóna nuair d'airig sí go bhfuair an bean bás go luath ar maidin.
    Bhí mo shean-athair ag báint prátaí i ngáirdín in aice leis an lios agus d'airig sé ceol - an ceol ba breághtha is ba bhinne dár airig éinne riamh - ag teacht ón lios. Chuaidh sé in aice na leasa chun a fheiscint cé bhí ann ach ní raibh duine beó ná marbh ann ach mar sin féin bhí an ceol ann. Tháinig eagla air fanacht a fhágháil amach cad a thárlóchadh agus d'imthig sé abhaile, agus níor airig sé an ceol níos mó.
    Tá lios eile in aice le tig m'umcail i mBealach. Tá radharc breágh le feiscint uaidh, agus is féidir an fhairrge timcheall Leacht Uí Conchubhair d'feiscint freisin. Maidin breagh Fhóghmhair chuaidh mo shein-sein-sean-athair amach agus do sheas sé ar an lios chun radharc d'fágháil ar na buaibh agus nuair a d'feuch sé siar uaidh cad a chonnaic sé ach baile breágh, agus na daoine ag obair ann, díreach ag bun na spéire. Ní faca sé é riamh roimhe sin agus bhí iongna mhór air. D'imthig sé isteach agus glaodhadh sé ar a chéile teacht amach chun é fheiscint ach nuair a thángadar amach ní raibh tháisg ná tuairisg de le feiscint. Beul! Tá sean-creidheamhaint ag na daoine timcheall na háite go raibh baile mór fadó in aice na h-áite a bhfuil Leacht Uí Chonchubhair anois, ach gur tháinig an fhairrge isteach air agus bádh sé é. Deirtear go mbíonn sé le feiscint gach seachtmhadh bliadhan
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. legendary and spiritual places (~158)
        1. fairy forts (~5,616)
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Orgáin
    Gender
    Female
    Informant
    Cáit Bean Uí Chonóil
    Gender
    Female
    Address
    Cahersherkin, Co. Clare